22 Deireadh Fómhair 2009

αχειροποίητον eile!



Acheiropoieton: íomhá naofa nach ndearnadh le lámh an duine. Is focal Gréigise é seo, curtha i dtoll a chéile mar seo: α gan + χειρο lámh + ποίητον déanta. Tá an ceann seo le feiceáil ar dhoras leithreas na bhfear sa siopa Ikea i nGlaschú. Níltear ar aon tuairim maidir le cé go díreach atá ann. Mac Dé nó Gandalf, an dea-dhraoi?

“Fásaidh slat a fedhaib fuinn...”


Breacadh an rann seo síos ar leathanach 53r sa lámhscríbhinn D iv 2 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Do lucht Old-Irish-L go háirithe atá na híomhánna seo le feiceáil anseo. Scríobhfaidh mé níos mó faoi tar éis dóibh súil a thabhairt air.





Fāsaidh slat a fedhaib fuinn.
Noco cian condad mōrchēim.
Do muine tic fāl is coill.
Noco dlig sār ar saerchlainn.

Seo athinsint den rann, de réir mar a thuigim é anois díreach. NB: Níl an tuiscint atá agam de inniu greanta i gcloch, ná baol air.

Fásann buinneán as crainn an cheantair.
Ní fada go mbeidh mórcháil air.
De mhuine a thagann fál is coill.
Ní dhlíonn saorchlann tarcaisne.

21 Deireadh Fómhair 2009

stórchiste stairiúil



Má tá £200 le spáráil agat, tig leat an tseoid seo, an chéad teasáras stairiúil i dteanga ar bith, a chur ar do sheilf. Chuaigh an dá imleabhar seo, ar tosaíodh obair orthu sa bhliain 1964, ar an margadh inniu. De réir alt ar an stórchiste ar an Telegraph inniu:
  • Ní raibh an focal carrot ag Chaucer. Tháinig sé ó calotte na Fraincise agus ní raibh sé le fáil i gcló go dtí an bhliain 1533.
  • Medwis, modigleas, samwis, ungerad, stuntlicsort a chuirfeadh an Rí Alfred ar amadán.
  • Cuid de na focail a bhí ar fáil do Jane Austen ar an duine céanna ná numskulled, born-muzzy, ram-headed agus chuckleheaded.
Rud eile don “liosta-le-déanamh”: stórchiste stairiúil na Gaeilge! :-)

Dála an scéil, tá mé ag éisteacht le The Meaning of Everything: The Story of the Oxford English Dictionary le Simon Winchester mar chlosleabhar agus ag baint an-sult as.

Fionn fial agus an fómhar



chuiris di in chaill,
dámad airget in gheal-tonn
ro thidhluicfed Find.

Dá mba ór an duille donn
a chuir di an choill,
dá mba airgead an ghealtonn
do thiolaicfeadh Fionn.

Ní donn atá an duilliúr anseo faoi láthair, ach rua, buí, dearg, corcra, agus flannbhuí! Tá an teocht cheart ann le tamall anuas agus tá xantaifil, caraitéin, agus antóiciainin le feiceáil ar fud na háite anois in áit ghlas na clóraifile atá ag síothlú agus ag dul as.

19 Deireadh Fómhair 2009

íomhá eile den rann



ni deimin lium ca trath tis

Shíl mé ar dtús go bhfaca mé “tīr” ag deireadh na líne, ach is léir anois gur “tīs” atá ann, le ponc faoin dara híslitheach sa litir 's'. Tá an focal scoir ag an rím anseo. Tá comhardadh slán idir “arís” ag deireadh an chéad leathrann agus “tís” anseo. Tá mé buíoch de David Stifter as an réiteach seo a mholadh dom.


18 Deireadh Fómhair 2009

rann eile fós ón Leabhar Breac



Tá an chéad leathrann le feiceáil san íomhá thuas: cuid de leagan amháin de, le bheith cruinn, agus cuid de leagan eile. Scríobh duine éigin -- ní Murchadh Riabhach Ó Cuindlis, scríobhaí na LS féin -- an rann seo san imeall uachtarach ar leathanach 41 i lámh chiotach. Níos déanaí rinne duine éigin eile, fear a raibh peannaireacht níos fearr aige, cóip den rann os a chionn. Is maith an rud é go ndearna, mar tá cuid den chéad leagan doléite anois. Is maith liom fealsúnacht an fhile: “ní raibh mé ann, tá mé ann anois, ní bheith mé ann arís roimh i bhfad.” Cuireann sé seo Coheilit sa Sean-Tiomna i gcuimhne dom.

Do bhí mise gan bheith ann.
Gar dom am gan bheith arís.
Deimhin liom go dtiocfaidh an bás.
Ní deimhin liom cá tráth tís.

an t-athchóiriú ag dul ar aghaidh



Tá an phluiméireacht gharbh, an soláthar leictreachais, agus an t-insliú istigh anois, agus rinne Florian an panna le haghaidh an chithfholctha inné (an rud dorcha atá le feiceáil ag bun an ghrianghraif). Bhí (Dr.) Tom, mo pháirtí, i láthair nuair a tháinig iníon Fhlorian ar an saol ocht mbliana déag ó shin, agus is é seo an tríú seomra folctha a ndearna Florian an tíleadóireacht ann dúinn.