
Deir alt ar Wikipedia go bhfuil sé traidisiúnta (ó thús na fichiú haoise), go bhfuil sé Éireannach, agus gur lóchrann é i gcomhair Oíche Shamhna. Is cosúil go bhfuil sé le feiceáil insan Museum of Country Life i gCaisleán an Bharraigh. Ní thugtar aon eolas eile faoi.
Is as an Oileán Úr ó dhúchas an puimcín. Is poncán é an puimcín. Deirtear abhus anseo “chomh Meiriceánach le pióg úll”, ach bheadh “chomh Meiriceánach le pióg puimcín” níos cruinne. (Bhuel, bíonn beagnach chuile phióg cruinn, ach sin scéal eile.) Pé scéal é, dealraíonn sé gur abhus anseo a tosaíodh ar lóchrainn a dhéanamh as puimcíní san Fhómhar, agus go háirithe ar Oíche Shamhna. Agus is abhus anseo go háirithe a chiallaíonn jack-o'-lantern an lóchrann sin, ní an solas a fheictear uaireanta os cionn na riasc. Will-o'-the-wisp a thugann muid ar ignis fatuus (.i. Seán na gealaí).
Cúpla ceist agam oraibh. An bhfaca sibh aon rud cosúil leis an gceann thuas riamh in Éirinn? An bhfeiceann sibh puimcíní le coinnle iontu na laethanta seo?