08 Deireadh Fómhair 2009

WTF?


mír baininscneach, blúire, giota

iarmhír baininscneach, earaball beag le focal, suffix

réimír firinscneach, siolla a chuirtear ag tús focail lena bhrí a athrú, prefix

Cén committee a dhear an teanga seo?!?


slaod agus slaghdán


Cuid a dó de “Tá slaghdán orm” é seo.


Is féidir a rá i mBéarla go ngearrfaidh galar éigin, fliú na muc mar shampla, a swath through the population. Níor chuala mé an cliché sin i nGaeilge riamh. Ach is léir go raibh an meafar sin beo in intinn ár sinsear na céadta bliain ó shin. Bhí an focal slaet acu ar shraith féir nó arbhair.

Tá an focal sin againn fós: slaod. Ní féar nó arbhar atá i gceist i gcónaí anois. A mhalairt ar fad. Tá slaodanna sneachta agus slaodanna gruaige ann, chomh maith le “slaod gibirise” (sa dán “An tEach Uisce” le Nuala Rua) agus “slaod meala anuas ar lochán leáite ime ar chanta aráin” i ngearrscéal le Biddy Jenkinson.

Ach bhí ciall eile le “slaet”, mar atá “galar”, .i. rud éigin a leag na daoine mar a leagfadh spealadóir an t-arbhar. Chuir siad an iarmhír -án leis an bhfocal de ghnáth. Níl a fhios agam cén fáth. Slaetán, slaedán, slaodán, agus faoi dheireadh slaghdán an litriú a cuireadh air. Ní minic a mharaíonn slaghdán éinne, ach is spealadóir fós é a leagann daoine ar lár ina slaodanna.

07 Deireadh Fómhair 2009

Eachtra Neara (Oíche Shamhna)



Boí Ailill ocus Medb aidchi Ṡamnae hi rRáith Chrúachan cona tegluch uiliu. Gaibthir for berbad biid leu. Ro·crochtha dá chimbid leu a llae reme-sin. As·bert Ailill íarum: “Int í do·bérad trá,” ol sé, “id imm choiss nechtair in dá chimbedo file isin chroich, ra·mbiad a lóg lemm-sa airi, amail bed áil dó.”

Bhí Aillil agus Méabh i Ráth Cruachan lena dteaghlach uile Oíche Shamhna. Thosaigh siad ag beiriú a mbia. Bhí beirt cimí crochta acu an lá roimhe sin. Dúirt Aillil ansin, “An té a chuirfeadh iodh um chois ceachtair den bheirt cimí atá ar an gcroch, beidh an luach is mian leis aige uaimse.”

Ba mór íarum a dorchatu inna h-aidche-sin ocus a grándatu ocus do·aidbitis demnai ind adaig-sin do grés. No·téiged cach fer ar úair úaidib immach dia phromad inna h-aidche-sin ocus ba h-opunn ticed isa tech a ḟrithisi. “Rom·bíth-se a lóg latt,” ol Nerae, “ocus rega immach.” “Rot·bia mo chlaideb órduirn-se éim,” ol Ailill.

Ba mhór dorchadas na hoíche agus a huafás, agus thagadh deamhain i láthair i gcónaí ar an oíche sin. Chuaidh na fir uile amach ina dhuine agus ina dhuine le triail a bhaint as an oíche, agus ba sciobtha a tháinig siad isteach arís. “Tabhair an luach domsa,” arsa Neara, “agus rachaidh mé amach.” “Beidh mo chlaíomh-sa leis an dorn óir agat,” arsa Ailill.

Tá an scéal iomlán, i Sean-Ghaeilge agus i mBéarla, ar fáil anseo. Ach is dóigh liom go mbeadh leagan Nua-Ghaeilge de -- le neart pictiúr, mar choimic nó úrscéal grafach -- ar fheabhas. Athinsint seachas lomaistriúchán atá ag teastáil, is dócha.

Tá slaghdán orm. (cuid a haon)



Tá slaghdán orm le cúig lá anuas,
slaghdán clasaiceach lánseirbhíse.
Tá an cúrsa canónta á rith aige
ó phiachán sa scornach
go tinneas cinn idir na súile,
srón mar sconna,
sraothartach sheismeach,
casachtach réamach;
agus lánstaonadh
ó bharróga,
gan dabht.

06 Deireadh Fómhair 2009

Tá Oíche Shamhna ag teacht!



amhras agus contúirt




Is léir ó stair na bhfocal seo, “amhras” agus “contúirt”, gur shíl na daoine a tháinig romhainn go raibh sé dainséarach a bheith neamhcinnte, go háirithe i gcúrsaí creidimh.

Nua-Ghaeilge: amhras = dabht, easpa cinnteachta

Sean-Ghaeilge: amaires = neamhchreideamh, easpa creidimh
  • am- = réimír diúltach
  • ires (iris) = reiligiún, creideamh, True Faith
Nua-Ghaeilge: contúirt = dainséar, baol

Sean-Ghaeilge: cuntabart = dabht, neamhchinnteacht, mearbhall

Bhí an nath trífhoclach seo acu:

Ferr astud amairis.
Tá cinnteacht níos fearr ná dabht.

Chiallaigh “astud” fixing, establishing ag an am sin. Tá sé againn fós, sa riocht “fostú”. Dá ndéantaí an nath seo a aistriú go Gaeilge an lae inniu beag beann ar an athrú céille, chuirfeadh sé smaoineamh nua-aimseartha in iúl, mar atá “tá fostú níos fearr ná amhras”!

Ach is fearr liom an seanfhocal seo droim ar ais:

Ferr amaires astud.
Tá amhras níos fearr ná deimhneacht.

04 Deireadh Fómhair 2009

néaladóireacht



Dúirt Áine Dé Domhnaigh, “Tá an ghrian fiosrach, an dtuigeann sibh, agus is minic í ag néaladóireacht orainn trí na néalta, i ngan fhios dúinn.” Chuir an abairt seo abairt eile faoin ngrian a scríobhadh in Éirinn níos mó ná míle bliain ó shin in In Tenga Bithnua i gcuimhne dom:

Ros·bīadh tra mōr do scēlaib atfesadh fora fecht manus·beth tenga dia rēlad.

Bheadh a lán scéalta aice a d'inseodh sí ar a turas dá mbeadh teanga aici lena ríomh.

Dála an scéil, is fíormhaith liom an focal néaladóireacht, sa chomhthéacs seo go háirithe!