04 Deireadh Fómhair 2009

dúchán



Seo dúchán tríchosach a snoíodh as fréamh crainn. Tá an tobar líneáilte le luaidhe. Is cuid de bhailiúchán an Hunt Museum i Luimneach é. Ar an drochuair, níl sé soiléir ón míniú a théann leis cá ndearnadh é ná cén t-am. Taitníonn sé go mór liom agus ba liom a chreidiúint gur obair Éireannach é ón meánaois. Ach cá bhfios?

03 Deireadh Fómhair 2009

Conradh Liospóin


Tá an liathróid ina chúirt anois.

Chuirfinn fáilte roimh alt air seo ón gCainteoir Dóchais ag an bpointe seo. Sibhse atá i bhfábhar leis an iarrtas seo, abraigí aidhe.

02 Deireadh Fómhair 2009

Ní ogham é seo ach oiread...


... ach shíl mé ar dtús go raibh ogham i bhfolach ann. Dewi Tudur an t-ealaíontóir. Torri Lawr an teideal atá air.

01 Deireadh Fómhair 2009

la soupe du jour



Fíorscéal

mo chara: Cad é an t-anraith inniu?

an freastalaí óg: Níl a fhios agam, ach gheobhaidh mé amach.

an freastalaí óg, ar ais arís: Soup du jour é an t-anraith inniu.

mo chara: Soup du jour! An t-anraith is ansa liom! Beidh sé agam!

“Is mór ní súigios lesrach banscáile.”


Amhrán na Seachtaine ag Scott agus Físeán na Seachtaine ag Tadhg. Seo é an ceann atá agamsa daoibh. An teideal a chuirfinn air i nGaeilge ná Is mór ní súigios lesrach banscáile.


30 Meán Fómhair 2009

29 Meán Fómhair 2009

scríobhaí tuirseach



Finit. Isam scithach.

“Críoch. Tá mé tuirseach.” Is iad seo na focail dheireanacha ón scríobhaí tar éis dó a théacs (LS D iv 2 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann) a chríochnú. Tuigim dó, ach tá díomá orm nach bhfuil a pheannaireacht níos áille. An a oscailte an rud is suimiúla. Ní locht ná nuáil é seo, ach ní thaitníonn sé go mór liom.