03 Meán Fómhair 2009

“nathó” i gcomhthéacs



Tháinig an scéal Aided Derb Fhorgaill anuas chugainn sa Leabhar Laighneach, ceann de lámhscríbhinní móra na Gaeilge. Ba bheag nár mharaigh Cú Chulainn Dearbh Fhorghaill ag tús an scéil, nuair a tháinig sí chuige i riocht éin. Bhí sé in ann í a shábháil, áfach, agus ansin deir sí gur tháinig sí d'aon turas le bualadh leis. (Craiceann a bhualadh atá le tuiscint anseo.) Ach deir Cú nach bhfuil tryst i ndán dóibh.

“Is dot insaigid tánacsa tra,” or si.

“Nathó, a ingen,” or se.

tó ocus nathó



Ní hé do vóta is cás dom anseo -- ní hEorpach mé -- ach chomh deacair agus atá sé yeanay a rá go nádúrtha i gcomhthéacs vótála. Is féidir go bhfuil daoine ag dul i dtaithí ar “tá” agus “níl”. Ach is ciotach an work-around é, mar sin féin. Tráth den saol, fadó fadó, (chomh fada siar agus atá siar ann? bhuel, ní chomh fada sin), bhíodh yes agus no ag na Gaeil: agus nathó. Is mór an trua é nach bhfuil na focail úsáideacha sin ar fáil againn anois!

Seo seanrann greannmhar ina bhfuil beirt fheirmeoirí, A agus B, ag caint. Baintear úsáid as “tó” faoi dhó, agus as “á”, focal fíor-ársa a chiallaíonn “trucail” nó “cairt”, i ngach líne.

In esser dam to á?
Tó, mani má mo á.
Ara tairi mo á mó?
Mani má to á, tó.

A: An dtabharfaidh tú do thurcail ar iasacht dom?
B: Tabharfaidh, mura mbrisfe mo thrucail.
B: An dtiocfaidh mo thrucail ar ais go luath?
A: Mura mbrisfe do thrucail, tiocfaidh.

02 Meán Fómhair 2009

cairde



CARIT

Is cárta poist é seo a rinne mé aréir agus a chuir mé sa phost ar maidin, chuig bean óg atá díreach tar éis a céad bhliain san ollscoil a thosú, i stát eile i bhfad ó bhaile. Tá a fhios agam go mbraitheann sí a gaolta agus a cairde uaithi. Séard atá sa scríbhinn seo ná beagán “draíochta” le cairde nua a chur ina treo. Is focal Sean-Ghaeilge é “carit”, iolra an fhocail “carae” nó “cara”.

01 Meán Fómhair 2009

3 chomhrá i mBéarla, comhrá amháin i nGaeilge

Níl sé sin go dona ar chor ar bith.

Dar ninu!




Ba é an file Fercheirtne a labhair an mionn seo in Immacallam in dá Thuarad. Focal ársa é "nin" ("nion" i litriú an lae inniu) a chiallaíonn (1) an litir N; nó (2) litir ar bith. "Dar litreacha!" an chiall atá leis an mionn seo. Feileann sé go maith do bhall den aos dána.

Tá gluais ar “dar ninu” sa chéad líne eile sa lámhscríbhinn, toisc go raibh “nin” (“ninu” san áinsíoch iolra) éagoiteann fiú ag an am sin: “dar mo litreacha”, mionn an-deas eile!


31 Lúnasa 2009

greanta i gcloch



Cloch í seo a fuarthas i gCluain Tuaiscirt (Cloontuskert), Co. Ros Comáin. Tá an íomhá seo an-chosúil leis an gcros ar an lia sa teachtairecht cros aisteach, ach amháin go bhfuil an “ceann” i bhfad níos casta, le cruth menorah air.



Taitníonn an lia seo go mór liom toisc go leanann an scríbhinn “grua” nádúrtha na cloiche. Is maith liom sruth orgánach na litreacha.

30 Lúnasa 2009

cros aisteach


Tá an chros seo greanta ar lia atá in luí i seanreilig i mBaile an tSagairt i gCo. Chiarraí. Tá dhá inscríbhinn oghaim air freisin. Is neamhghnách an lia é seo toisc go bhfuil beirt “úinéirí” luaite air.

TRIA MAQA MAILAGNI || CURCITTI

Is le triúr mhac Mhaoláin an lia seo.
Is le Cuircthe an lia seo.



Ach is é an rud is mó a tharraing mo shúil air ná an chros. Tá ceithre ghéag inti ar nós chuile chrois eile. Ach céard go díreach a fheiceann muid ag ceann na ngéaga? An duine atá ann, stick figure ina sheasamh le dhá lámh móra? Éan le sciatháin leata agus eireaball tríchleiteach? Colm? Cuireann an íomhá seo petroglyphs ó Mheiriceá Thuaidh -- de dhaoine agus d'éanacha -- i gcuimhne dom.