30 Lúnasa 2009

cros aisteach


Tá an chros seo greanta ar lia atá in luí i seanreilig i mBaile an tSagairt i gCo. Chiarraí. Tá dhá inscríbhinn oghaim air freisin. Is neamhghnách an lia é seo toisc go bhfuil beirt “úinéirí” luaite air.

TRIA MAQA MAILAGNI || CURCITTI

Is le triúr mhac Mhaoláin an lia seo.
Is le Cuircthe an lia seo.



Ach is é an rud is mó a tharraing mo shúil air ná an chros. Tá ceithre ghéag inti ar nós chuile chrois eile. Ach céard go díreach a fheiceann muid ag ceann na ngéaga? An duine atá ann, stick figure ina sheasamh le dhá lámh móra? Éan le sciatháin leata agus eireaball tríchleiteach? Colm? Cuireann an íomhá seo petroglyphs ó Mheiriceá Thuaidh -- de dhaoine agus d'éanacha -- i gcuimhne dom.

29 Lúnasa 2009

téacsáil is tionóiscí bóthair



Is ionann tiomáiní atá ag téacsáil agus tiomáiní ólta de réir an dlí in Utah anois. Mharaigh an fear thuas beirt fhear i gcarr eile le linn dó a bheith ag téacsáil. Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i Mí Bealtaine a ghearrann píonós trom ar aon téacsálaí atá taobh thiar den roth stiúrtha nuair a bhuaileann a charr le carr eile, píonós chomh trom leis an gceann a ghearrtar ar thiománaí ólta: suas le cúig bliana déag i bpríosún. Is mithid é!

28 Lúnasa 2009

an ghaoth



GÁETH

pailéagrafaíocht



Do Liz, agus do na mílte daoine eile (hah!) a bhfuil suim acu i bpailéagrafaíocht na Gaeilge, atá an teachtaireacht seo tiomnaithe.

Céard a fheiceann muid anseo? An litir ‘l’ agus an litir ‘d’ agus rud éigin eatarthu a bhfuil trí mhinim ann. An litir ‘w’? Ach níorbh ann don litir sin riamh sa teanga seo. Tá go maith, ‘ui’ nó ‘iu’ mar sin? Tá leid againn sna serifs. Bíonn ding sách mór ag ceann gach litreach a thosaíonn le stríoc ingearach. Sa chás seo, ní féidir ‘ui’ a léamh toisc nach bhfuil ding mar sin ag ceann an tríú minime. Is é sin le rá, ní féidir leis an tríú minim a sheasamh leis féin mar litir.

27 Lúnasa 2009

“milleadh” de réir Chormaic


Seachtain ó shin thug mé an líne seo as an “Luireach Klosterneuburg” daoibh:

náram·gonat fir, náram·millet mná

Nár ghoine fir mé, nár mhille mná mé!

D'fhiafraigh Áine sa nóta a d'fhág sí:

“Cé acu is measa, a fheara - an ghoin nó an milleadh?!”

Chuir an cheist sin ag smaoineamh mé. Céard go díreach a bhí ar intinn acu ag an am sin nuair a rinne siad tagairt do “mhilleadh” sa chomhthéacs seo? Bhí mórán an chiall chéanna leis an bhfocal míle bliain ó shin agus atá leis inniu. Ach is cosúil go raibh ciall bhreise leis freisin, .i. saghas mallacht nó draíocht. Tá an chiall sin le feiceáil san iontráil seo in Sanas Cormaic:


858. Milliud quasi mī-ṡilliud .i. drochṡilliud.

I bhfocail eile, tháinig “milleadh” ón ainmfhocal “silleadh” (= amharc) móide an réimír “mí-”, dar le Cormac. B'ionann "millleadh" sa chás áirithe seo agus drochshúil nó mallacht a thabhairt ar dhuine.

leabhar atá á léamh agam



“On the door for the toilets, some joker had painted Tir na bOg in crude white letters.”

- ó chaibidil a sé, Crossing Fäerie Minor, san úrscéal fantaisíochta The Dragons of Babel le Michael Swanwick. Is fearr liom i bhfad sci fi ná fantaisíocht de ghnáth, ach is eisceacht é Swanwick -- agus scríobhann sé ficsean eolaíochta chomh maith: The Bones of the Earth, mar shampla. Pé scéal é, sílilm go bhfuil full marks tuillte aige as an litriú sa jóc thuas, le b beag agus O mór.

Eriugena ina steilibheatha



Tá mé buíoch d'Aonghus as an bportráid seo de Sheán Scotus Eriugena a aimsiú ar an idirlíon. Tháinig sí as an lámhscríbhinn Lat. 6734 i Leabharlann Náisiúnta na Fraince, cóip de Clavis Physicae, leabhar a chuir Honorius Augustodunensis le chéile as sliochta ó théacsanna le Seán Scotus é féin.

Is dóigh liom go bhfuil an íomhá seo i bhfad níos fearr ná an dá cheann eile. Tá fear éirimiúil le feiceáil sna ceannaithe seo, fear nach mbeadh leisce dá laghad air ciúta a chaitheamh le rí.

Tá níos mó faoi seo, agus an pictiúr iomlán le feiceáil, anseo, a bhuí le Cailliomachas.