29 Lúnasa 2013

Cú Chulainn agus an sliotar



oc áin líathroti

Co n-accae íarum Coin Culainn oc áin líathróite.

Ansin chonaic sé Cú Chulainn ag iomáin liathróide.

Tá an sliocht seo le fáil sa Táin (LU 4983). Is é Conchobhar a chonaic Cú óg ag iománaíocht, lena lorg ánae (a chamán) ina láimh agus an líathróit (an sliotar) roimhe.



Go dtí le déanaí, séard a bhí sa sliotar ná meall comhdhlúth de fhionnadh ba ar an taobh istigh, le heangach déanta as rón casta mar chlúdach. Beidh na samplaí seo le feiceáil i Musaem Náisiúnta na hÉireann ó 5 Meán Fómhair. Rinneadh an ceann is sine díobh seo thíos sa dara leath den 12ú haois!



Tá ceist agam oraibh. Cad as don fhocal “sliotar”? Is cosúil nach raibh sé acu i nGaeilge Mheánaoiseach.

2 comments:

  1. Thosaigh an focal i mBéarla thart fán bhliain 1938: http://ngrams.googlelabs.com/

    ReplyDelete
  2. Sin spéisúil.

    Is cosúil go raibh an focal ag Dinneen roimhe sin.

    ReplyDelete